Nagle-Rice PS, Milltown, Killarney          Phone: 066 976 7625    |   Email: office@naglericens.com

 

Nagle-Rice PS
Milltown,
Killarney,
Co. Kerry

Phone: 066 976 7625

Email: office@naglericens.com




Plean Scoile don Ghaeilge

1.    Réamhráiteas: 

1   Chuireamar an plean le chéile sa bhliain 2007.

2   An fhoireann go léir le chéile a d’ullmhaigh í.

3   D’úsáideamar ár dtaithí féin mar mhúinteoirí agus an teolas a fuaireamar ó na laethanta inserbhíse chun an phlean a chur le chéile.

2.   Bunchúiseanna/Rationale:  

Tá gá le plean ionas

  1. Go mbeadh leanúnachas ó rang go rang.
  2.  Chun cabhrú linn an curaclam a chur i bhfeidhm.
  3. Go mbeadh feabhas agus forbairt ag teacht ar chumas cumarsáide na bpáistí.
  4. Go mbeadh na múinteoirí ar fad ag dul sa treo chéanna.

3.   An plean i gcomhthéacs na scoile seo:

Is bunscoil náisiúnta chaitliceach, mheascaithe í de Nagla- Ris. . Tá an scoil lonnaithe i lár Baile an Mhuilinn.

  1. Ceantar beag tuaithe i lár Chiarraí is ea Baile an Mhuilinn. Is é Cill Airne & Trá Lí na bailte mhóra is giorra dúinn. Deánann múintir na háite seo a lán dá gcuid gnótha ann.
  2. Tá deichniúr múinteoir buan, múinteoir amháin páirtaimsire ag feidhmiú  sa scoil. Tá dea thionchar a gcuid oibre le feiscint sa scoil. Cé go bhfoghlaimíonn na páistí tri mheán an Bhéarla, deánann na muinteoirí iarracht gné d’ábhar eile a mhúineadh  trí mhéan na Gaeilge.
  3. Úsáideann na muinteoirí an Ghaeilge, chomh  minic agus is féidir, i rith an lae ag comhlíonadh riachtanas cumarsáide. Ba mhaith  linn tógaint ar na láidreachtaí atá againn ionas go mbeadh feabhas agus forbairt ar chumarsáid na páistí.
  4. Tá dearcadh maith ó thaobh na Gaeilge ag formhór na tuismitheoirí agus tuigeann na tuismitheoirí na bhfuil muinín acu as a gcuid Gaeilge féin, cé chomh tábhachtach is atá dearcadh dearfach ina leith.

4.    Aidhmeanna.

An Ghaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir i rith an lae.

Aontaimíd leis na haidhmeanna go léir atá ar leathanach 14 Ráiteas Curaclaim, ach sa scoil seo táimid chun béim a chur ar:

  1. úsaid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide a chur chun cinn.
  2. dearcadh dearfach i leith na Gaeilge agus spéis agus dúil inti a chothú.
  3. taitneamh a bheith le baint as foghlaim na Gaeilge.
  4. éisteacht, labhairt. léitheoireacht agus scríbhneoireacht a fhorbairt ar bhealach comhtháite.
  5. feasacht teanga agus feasacht cultúir a chothú.
  6. cumas éisteachta agus labhartha an pháiste a fhorbairt agus a m(h)uinín chun an Ghaeilge a úsáid a chothú
  7. cumas léitheoireachta agus scríobhneoireachta an pháiste a chothú ag leibhéil a oireann dó/di féin agus don chinéal scoile
  8. cur le líofacht, le cruinneas foghraíochta agus le saibhreas teanga an pháiste

5.    Na Feidhmeanna Teanga

Tá pleanáil déanta againn ar na feidhmeanna teanga. Roghnaíomar eiseamláirí do gach rang ionas go mbeidh leanúnachas agus forbairt ar an nGaeilge. Táimid chun leasú a dhéanamh ar na heiseamláirí de réir mar is gá.

Féach: (Auguisín a haon)

6.    Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht

a)  Éisteacht

Tá dhá shaghas éisteacht  i gceist anseo. Is iad an dá saghas ná:

a)     Éisteacht Neamhfhoirmiúil – Beannachtaí, orduithe, paidreacha

b)    Éisteacht Foirmiúil – téipeanna, dlúthdhioscaí, rannta, amhráin, scéalta, An Nuacht, tascanna éisteachta (tarraing, dathaigh)

c)     Éisteacht i gcomhair eolais – beidh ar na páistí eolas a lorg ó shliochtanna éagsúla.

b)  Labhairt na Gaeilge

Aithinímid go bhfuil béim an-láidir ar labhairt na Gaeilge sa churaclam seo. Táimid chun comhthéascanna a chruthú chun go mbeidh seans ag na páistí labhairt faoi na topaicí go bhfuil spéis acu iontu. Beidh an labhairt bunaithe ar na deich teamaí atá leagtha amach sa churaclam. Sa scoil seo beimid ag tabhairt seans dóibh labhairt fúthu féin, faoina dteaghlaigh agus a gcairde. Beidh deis acu a dtuaraimí a nochtadh freisin.

Is iad na teamaí ná:

  1. Mé Féin
  2. Sa Bhaile
  3. An Scoil
  4. Bia
  5. An Teilifís
  6. Siopadóireacht
  7. Caitheamh Aimsire Éadaí
  8. Aimsir
  9. Ócáidí Speisialta

C) Léitheoireacht

Cuirimid tús leis an léitheoireacht i rang a haon go neamhfhoirmiúíl.

I rang a dó, is iad na háiseanna seo leanas a bheidh á úsáid againn chun tús a chur le léitheoireacht sa Ghaeilge:

  1. Prionta sa timpeallacht
  2. Lipéidí
  3. Scéalta
  4. Nuacht Phearsanta mar scéal
  5. Rannta
  6. Dánta
  7. Múinteoir ag léamh
  8. Leabhair mhóra

Ó na méanranganna ar aghaidh, beimid ag cur béime ar scileanna léitheoireachta níos cruinne. Mar sin, ó na méanranganna ar aghaidh beimid ag súil go mbeidh an páiste in ann

§ Brí a bhaint as téasc léitheoireachta

§ Teachtaireacht nó eolas a fháil ó téasc

Beidh léitheoireacht feidhmiúil ar siúl againn chomh maith. Beidh na páistí ag fáil táscanna a iarrfaidh orthu bheith in ann treoireacha a thabhairt tar éis sliocht a léamh mar shampla. Beidh eolas cinnte le fáil acu ó am chláir. Freisin beimid ag súil go mbeidís in ann brí a fháil ó litreacha agus fógraí. Ábharacha réalaíocha a bheidh i gceist againn anseo.

d) Scríobhneoireacht Ghaeilge.

Beimid ag tabhairt faoi scríobhneoireacht ghaeilge go foirmiúil I rang a dó & go neamhfhoirmiúil i rang a haon sa scoil seo. Is iad seo a leanas na cleachtaí scríobhneoireachta a bheidh in úsáid sa scoil.

  1. Freagairt ceisteanna
  2. Nuacht
  3. Biachlár
  4. Scéalta simplí
  5. Líon na bearnaí
  6. Deachtú tús na habairte
  7. Cárta poist, litir.

7.    Teamaí, Straitéisí agus Modhanna Múinte

Téamaí mar atá sa churaclam ag cloí le:

Comhtháthú na scileanna

Múinfear na scileanna ar bhealach comhtháite chomh minic agus is    féidir – trí mheán na téamaí agus úsáid na straitéisí atá luaite  lch. 67; Béim a chur ar scéalaíócht, fiseáin agus cluichí teanga.

Modhanna Múinte

Is é an modh múinte an chaoi a n-eagraíonn an múinteoir an t-ábhar teagaisc agus foghlama agus a gcuireann sé/sí i láthair na bpáistí é.  Pé acu modh a úsáideann an múinteoir ag tús an cheachta, is í an Ghaeilge an teanga theagaisc a úsáidtear.  Cuirfidh an múinteoir spéis faoi leith sna modhanna a fheileann don ábhar teagaisc agus do bhealaí foghlama an pháiste.

Is iad na sé mhodh is suntasaí ar féidir úsáid a bhaint astu ná:

An Modh Díreach (m.sh., “seo ríomhaire” – ríomhaire a thaispeáint agus é a rá)

Modh na Sraithe (m.sh. “D’eirigh mé ar maidin.  Ghlan mé m’fhiacla.  D’ith mé mo bhricfeasta.”)

Modh na lánfhreagartha Gníomhaí (Éist agus déan – m.sh. “Bí ag rith”)

An Modh Closlabhartha (m.sh. éisteacht le téipeanna, caint an mhúinteora – cluiche bingo/éist agus tarraingt)

*An Modh Closamharc (m.sh. deilbhíní, físeáin)

*Modh na Ráite – Múintear frásaí úsáideacha (m.sh. “An bhfuil cead agam”, “Níl sí ar scoil.”)

Stráitéisí;

Baineann na múinteoirí úsáid as straitéisí difriúla agus as comhthéacsanna éagsúla chun suim na bpáistí a choinneáil sa cheacht Gaeilge.  Is é an cuspóir a bhíonn ag an múinteoir do gach ceacht ná go mbeidh na páistí in ann úsáid éigin a bhaint as an nGaeilge i gcomhthéacs a thaitníonn leo, is é sin páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fíorchumarsáide chomh minic agus is féidir.

Is iad seo a leanas na straitéisí is coitianta a úsáidtear chun cumas cumarsáide an pháiste a fhorbairt:

  1. Agallaimh mar ionchur d’imirt i rólanna
  2. Cluichí Teanga
  3. Tascanna agus Fadhbanna
  4. Drámaíocht
  5. Físeáin
  6. Scéalaiocht
  7. Fillíocht; Rainn,Dánta& Amhráin,Rabhlóga,Tomhais,Seanfhocail.

Pleanáil ranga

Pleanáil fhadtéarmach:    Plean Bliana

Pleanáil ghearrthéarmach:  Plean Coicíse

8.    Gaeilge Neamhfhoirmiúil

 9.    Éagsúlacht cumais

Déanfar freastal ar éagsúlacht cumais na bpáistí trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí agus táscanna éagsúla m.sh. mím, líníocht, gníomh, ceist a chur, comhrá, leidchártaí, cluichí, teanga shimplí, beannachtaí agus ceol.

Úsáidtear tascanna agus gníomhaíochtaí difriúla chun freastal ar éagsúlacht cumais na bpáistí agus deiseanna a sholáthar do gach dalta teacht ar an bhfoghlaim  Seo liosta de thascanna éagsúla gur féidir a thabairt do pháisti:

  1. Is féidir gach páiste a chur ag déanamh an tásc chéanna ach de réir a c(h)umais féin.
  2. Is féidir táscanna difriúla a dhearadh chun go mbeidh na páistí ag comhlíonadh na bhfeidhmeanna teanga céanna le mím, le gníomh, le teanga shimplí nó le teanga níos casta.
  3. Beidh na páistí éagsúla ag léiriú tuiscint na teanga go simplí trí ghníomh a dhéanamh, trí mhím nó trí phictiúr a tharraingt.  Beidh said ag léiriú ábaltacht níos sofaisticiúla in úsáid na teanga trí cheist a chur, trí thús a chur le comhrá agus é a chríochnú.
  4. Is féidir tásc nó cluiche a roghnú nach bhfuil ach cainteoir láidir amháin ag teastáil chuige.  Is féidir leis an bpáiste sin na treoracha a thabhairt nó na leidchártaí a léamh agus an tasc nó an cluiche a mhíniú do na páisti eile sa ghrúpa.  Ní bheidh ag teastáil uathu sin ach tuiscint na teanga agus é sin a leiriú le freagra gairid nó le gníomh.
  5. Is féidir an t-idirdhealú céanna idir tuiscint agus úsáid a dhéanamh in obair bheirte.  D’fhéadfadh gach páiste a bheith ag comhlíonadh na feidhme céanna ach de réir a c(h)umais féin.  Mar shampla sa tasc ‘Dathaigh nó tarraing an pictiúr’ tugann an páiste is líofa na treoracha ar dtús, agus níl le déanamh ag an dara páiste ach tarraingt nó dathú.  Is féidir leis/léi sin na treoracha a thabhairt sa dara háit, ach ní gá abairtí fada a úsáid.  Comhlíonann an eiseamláir ‘Tarraing X’ nó ‘Cuir X i do phictiúr’ an fheidhm chéanna.
  6. Is féidir le páistí pictiúir a léamh seachas téacs, agus is féidir éisteacht le scéalta seachas iad a léamh.  Tá bealaí eagsúla ann chun go mbeidh seans ag gach páiste eolas a chur ar an nGaeilge agus ar an gcultúr.
  7. Is féidir clár suimiúil ar fheasacht cultúir a leanúint ag usáid cluichí Gaelacha, ócáidí poiblí, raidió, teilifís, logainmneacha áitiula agus náisiúnta, ainmneacha baiste agus sloinnte, ceol agus rince.

10. Comhtháthú le hábhair eile

Déanaimid iarracht roinnt Gaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir in ábhair dhifriúla sa scoil i rith na bliana.  Beidh saoirse ag muinteoirí a rogha féin a dhéanamh.  Mar shampla, d’fhéadfadh le múinteor rang ceoil nó corp oideachais a dhéanamh trí Ghaeilge, nó cuid de rang. msh

  1. Ceol – amhráin Ghaeilge
  2. Ealaín – péint agus dath
  3. Tíreolaíocht – logainmneacha, treoracha.
  4. Eolaíocht sa timpeallacht – ainmneacha na gcrann
  5. OSPS – mé féin, ainm agus seoladh

11. Measúnú

Is próiseas ciorclach é pleanáil, múineadh, foghlaim agus measúnú na Gaeilge.

Is cuid lárnach den phróiséas sin é an measúnú.

Seo iad cuspóirí an mheasúnaithe sa Ghaeilge i Scoil  de Nágla-Rís

a.  Dul chun cinn na bpáistí a fheiceáil

b.  Riachtanais foghlama gach aon pháiste a aithint.

c.  Gníomhaíochtaí foghlama a bheidh níos oiriúnaí a dhearadh bunaithe ar an eolas a fhaightear.

Seo iad na huirlisí atá in úsáid againn:

  1. Dírbheathú an mhúinteora
  2.  Tascanna agus trialacha deartha an múinteoir
  3. Bailiúchán d’obair agus thionscadáil an pháiste
  4. Dírbheathú an mhúinteora
  5. Tascanna agus trialacha deartha an múinteoir
  6. Bailiúchán d’obair agus thionscadáil an pháiste

Cumas na bpáistí in úsáid na Gaeilge mar gnáth theanga chumarsáide : measúnú ar na scileanna cumarsáide, éisteacht, labhairt, léitheoireacht, agus scríbhneoireacht. Is ar chumas an pháiste agus ar an méid atá in ann a thuiscint, a rá, léamh nó scríobh atá an bhéim agus ní ar an easpa cumais.

12. Áiseanna

Leabhair na bpáistí

Téipeanna

Aiseanna do chúinne gaeilge

Puipéad

Póistaeir

Leabhar mhóra/Scéalta/Leabharlann

Leabhar an pháiste agus cóipleabhar

CD Rainn agus amhráin

Abhar fótachóipeála

Lipéid comharthaí agus fógraí

Pictiúr

Frásaí na Seachtaine curtha ar an mBord Fógra

13. Meastóireacht ar an bplean

  1. Déanfaidh gach oide a meastóireacht féin maidir lena rang go rialta.
  2. Tiocfaidh an fhoireann  le chéile chun an dul ar aghaidh i ngnéithe áirithe den phlean a mheas, abair an feabhas nó a mhalairt atá ag teacht ar an scoil mar chomhtéacs cumarsáide don Ghaeilge.
  3. An bhfuil úsáíd fhorleathan á dhéanamh de na feidhmeanna teanga?
  4. An bhfuil frása na seachtaine le cloisteáil go beo ó na daltaí?
  5. An gcothaítear an dearcadh dearfach i measc na daltaí agus go háirithe i measc an fhoireann?
  6. Beidh a fhios againn go bhfuil ag éirí leis má tá feabhas ar staid na Gaeilge sa scoil; bá againn di agus díograis chun í a labhairt chomh minic agus is féidir le cloisint I rith an lae.

14. Cur i bhfeidhm an phlean

Tá an príomhoide freagrach as an bplean go háirithe. Tabharfaidh sé spreagadh  misneach agus muinín do gach éinnear an bhfoireann. Sé/sí an múinteoir ranga atá i mbun gnó in a rang féin. Tá an oide freagracht as na spriocanna áirithe a leagadh síos agus na páistí a mhealladh is a mholadh chun a ndícheall a dhéanamh.

Leagfar béim ó thús ar an gcur chuige cumarsáideach – éisteacht agus labhairt na Gaeilge – frásaí na seachtaine agus an scoil mar chomhthéacs cumarsáide mar atá sa churaclam agus sna treorlínte do mhúinteoirí.

15. Athbhreithniú ar an bplean

Déanfaidh gach oide é seo ag deireadh na seachtaine. Déanfaidh an fhoireann é go míosúil. (Athbhreithniú ag cruinnithe foirne agus ag deireadh na scoilbhliana 2013).

16.Daingniú & Riaradh;

Deineadh dhaingniú ar an bplean seo ag Bord Bainistíochta na scoile ar an data seo leanas,  7/06/2011.